Chuaigh EU-LISA i mbun oibre i mí na Nollag 2012. Déanann sé na cúraimí bainistithe oibríochtúla a chomhlíonadh maidir le SIS II, VIS agus EURODAC. Is é príomhchúram oibríochtúil na gníomhaireachta a chinntiú go gcoinnítear na córais ag imeacht 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine.