Tacaíonn SatCen leis an Aontais Eorpach cinntí a dhéanamh i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES), trí tháirgí agus seirbhísí a sholáthar atá ann mar thoradh ar úsáid a bhaint as sócmhainní ábhartha spáis agus sonraí comhthaobhacha, cuir i gcás íomhánna satailíte agus aeríomhánna, agus trí sheirbhísí gaolmhara a sholáthar freisin.
Is é is aidhm do na tréimhsí oiliúna a thairgeann SatCen caoi a thabhairt do na hoiliúnaithe ar eolas a chur ar an obair a dhéantar ó lá go chéile in SatCen agus taithí phraiticiúil a fháil ar an obair sin. Cuidíonn na hoiliúnaithe le SatCen sa mhéid go ndéanann siad cúraimí praiticiúla agus go mbíonn an t-eolas acadúil is déanaí acu ar réimsí oibre SatCen.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas nó de thríú tír a bhfuil an Iarscríbhinn sínithe aici maidir leis na forálacha i dtaobh tríú stáit dul i gcomhlachas le gníomhaíochtaí SatCen.
Fad ama: 2-6 mhí (is féidir an tréimhse sin a shíneadh chun tréimhse suas go 12 mhí a dhéanamh di).
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá seo. Tuairim agus €1,000 sa mhí an pá.
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.