Home > Job opportunities > Institutions and agencies > An Banc Eorpach Infheistíochta (EIB)

An Banc Eorpach Infheistíochta (EIB)

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta banc an Aontais Eorpaigh. Is sinne an t-aon bhanc amháin atá faoi úinéireacht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus a fheidhmíonn ar son leas na mBallstát sin. Oibrímid i ndlúthchomhar le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais chun beartais an Aontais a chur i bhfeidhm.

Is sinne an t-iasachtaí agus an t-iasachtóir iltaobhach is mó ar domhan. Cuirimid maoiniú agus saineolas ar fáil do thionscnaimh infheistíochta inbhuanaithe atá ina gcuidiú cuspóirí beartais a bhaint amach. San Eoraip a dhéanaimid 90% dár gcuid oibre. Ach is infheisteoir mór sinn ar an leibhéal domhanda freisin.

Tréimhsí oiliúna

Tréimhsí oiliúna

Áit(eanna): Lucsamburg (Lucsamburg)
Institiúid/Gníomhaireacht: An Banc Eorpach Infheistíochta (EIB)
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Tá líon teoranta intéirneachtaí ar fáil sa Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) do mhic léinn ollscoile agus do chéimithe ar mian leo eolas a chur ar an obair a dhéanann an Banc nó taithí a fháil sa réimse a bhfuil siad ag déanamh staidéir air. Tá ceithre chlár intéirneachta ann: BEI, FEMIP, EPTATF agus ACP.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais agus de na tíortha is iarrthóirí (is é sin, faoi láthair: an Tuirc, an tSeirbia agus Montainéagró) a bhfuil níos lú ná bliain amháin de thaithí oibre acu.

Fad ama: 1-5 mhí (6 mhí má iarrann ollscoil an mhic léinn é).

Pá: Is intéirneacht ar pá é seo.

Dátaí tosaigh: 1 Feabhra/1 Márta, 1 Meán Fómhair/1 Deireadh Fómhair

FEMIP (an tSaoráid um an gComhpháirtíocht agus an Infheistíocht Eora-Mheánmhara)

Áit(eanna): Lucsamburg (Lucsamburg)
Institiúid/Gníomhaireacht: An Banc Eorpach Infheistíochta (EIB)
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Cé atá incháilithe iarratas a dhéanamh? An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Iosrael, an Liobáin, Maracó, an Phalaistín* agus an Túinéis.

Fad ama: 6 mhí (suas le bliain amháin).

Pá: Is intéirneacht ar pá é seo.

Dátaí tosaigh: 1 Meán Fómhair/1 Deireadh Fómhair

*Ní thuigfear as an ainmniú seo go bhfuil aitheantas á thabhairt do Stát na Palaistíne agus tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát i dtaobh na ceiste sin.

ETPATF (an Ciste Iontaobhais um Chúnamh Teicniúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir)

Áit(eanna): Lucsamburg (Lucsamburg)
Institiúid/Gníomhaireacht: An Banc Eorpach Infheistíochta (EIB)
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Cé atá incháilithe iarratas a dhéanamh? An Asarbaiseáin (faoi réir Creat-Chomhaontú a bheith sínithe), an Airméin, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin.

Fad ama: 6 mhí (suas le bliain amháin).

Pá: Is intéirneacht ar pá é seo.

Dátaí tosaigh: 1 Meán Fómhair/1 Deireadh Fómhair.

ACC (Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin)

Áit(eanna): Lucsamburg (Lucsamburg)
Institiúid/Gníomhaireacht: An Banc Eorpach Infheistíochta (EIB)
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Cé atá incháilithe iarratas a dhéanamh? an Aetóip - Angóla - Antigua agus Barbúda - na Bahámaí - Barbadós - an Bheilís - Beinin - an Bhotsuáin - Buircíne Fasó - an Bhurúin - Camarún - an Chéinia - Cireabaití - an Cósta Eabhair - Djibouti - Doiminice - an Eiritré - Fidsí - an Ghabúin - an Ghaimbia - Gána - Greanáda - an Ghuáin - Guine Bissau - Háítí - Iamáice - Leosóta - an Libéir - Madagascar - Mailí - an Mhaláiv - an Mháratáin - an Mhicrinéis - Mósaimbíc - an Namaib - Nárúis - an Nígir - an Nigéir - Niue - Nua-Ghuine Phapua - Oileáin Chomóra - Oileáin Cook - Oileáin Marshall - Oileán Mhuirís - Oileán na Tríonóide agus Tobága - Oileáin Sholomón - Palau - Poblacht na hAfraice Láir - Poblacht an Chongó - Poblacht Dhaonlathach an Chongó - an Phoblacht Dhoiminiceach - Poblacht na Guine - Ruaindis - an tSaimbia - San Críostóir-Nimheas - San Uinseann agus na Greanáidíní - Saint Lucia Samó - Sao Tome agus Principe - Sead - an tSeineagáil - na Séiséil - Siarra Leon - an tSiombáib - an tSomáil - an tSuasalainn - Suranam - an Tansáin - Tíomór Thoir - Tóga - Tonga - Tuvalu - Uganda - Vanuatú

Fad ama: 6 mhí (suas le bliain amháin).

Pá: Is intéirneacht ar pá é seo.

Dátaí tosaigh: 1 Meán Fómhair/1 Deireadh Fómhair.