Etusivu > Job opportunities > Institutions and agencies > (Europol) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um fhorghníomhú an dlí

(Europol) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um fhorghníomhú an dlí

Is é Europol gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um fhorfheidhmiú an dlí. An príomhchuspóir atá ag Europol an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte dá saoránaigh.

Tréimhsí oiliúna

(Europol) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Fhorghníomhú an Dlí

Áit(eanna): The Hague (The Netherlands)
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Na hintéirneachtaí a thairgeann Europol do chéimithe agus do ghairmithe, is togha deiseanna foghlama iad arae tugann siad caoi don intéirneach ar bhlaiseadh a fháil den obair a dhéantar in Europol agus ar bheith ag obair i bhfoireann ilchultúrtha. Gach bliain tairgeann Europol roinnt intéirneachtaí a ligeann do dhaoine foghlaim faoin obair a dhéanann an ghníomhaireacht agus a gcuid eolais agus a gcuid scileanna a chur in úsáid agus cuidiú le Europol a mhisean a chomhlíonadh.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach, ag a bhfuil leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa ollscoile nó gairmoiliúna – bíodh an cúrsa críochnaithe nó fós ar siúl – a bhaineann le cúraimí Europol, agus ag a bhfuil eolas maith ar dhá cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (an Béarla ar cheann acu). 

Fad ama: 3-6 mhí

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá í seo. Tuairim agus €790 sa mhí an pá.

Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.