Is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é an comhghnóthas ECSEL le haghaidh comhpháirteanna agus córais leictreonacha agus déanann sé tionscadail taighde, forbartha agus nuálaíochta a mhaoiniú le haghaidh saineolas den scoth sna heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin sin, ar eochairtheicneolaíochtaí iad atá riachtanach do cheannaireacht iomaíoch na hEorpa i ré an gheilleagair dhigitigh.