Meastar gurb é An Caighdeán Oifigiúil (2016) an graiméar údarásach don Ghaeilge agus cuirfear san áireamh sa mheastóireacht fhoriomlán ar na haistriúcháin má tá an téacs aistrithe de réir na ngnásanna a leagtar amach ansin. Más rud é, áfach, gur ceann eile de shraitheanna rialacha atá aitheanta go coitianta (e.g. An Caighdeán Oifigiúil (1958) agus An Caighdeán Oifigiúil, Caighdeán Athbhreithnithe (2012)) a úsáidtear, agus an úsáid sin a bheith de réir a chéile, ní leanfaidh marcáil phionósach as i.e. ní chaillfear marcanna as na ‘seanrialacha’ a úsáid.
Uimhir: