Home > Job opportunities > Ar chuala tú an scéal?

Ar chuala tú an scéal?

Tá sé beartaithe ag EPSO comórtas nua do chéimithe (grád AD 5) a sheoladh san earrach.

Cé na cúraimí a bhíonn ar riarthóirí a bhfuil céim acu?

Is iondúil go n-oibríonn riarthóirí i gceann d’institiúidí an Aontais, mar bhall d’fhoireann, agus go mbíonn siad ag plé le ceapadh beartas, le cur i bhfeidhm praiticiúil beartas agus le bainistiú acmhainní. Maidir leis na réimsí lena mbíonn siad ag plé, braitheann sin ar an institiúid nó ar an tseirbhís a earcóidh iad. Is féidir le daoine a bhfuil céim acu, is cuma cén t-ábhar inar baineadh amach í, cur isteach ar phost mar riarthóir.

Suim agat ann? Beidh tuilleadh eolais i dtaobh an chomórtais le fáil go luath ar eu-careers.eu

Dáta na postála : 03/02/2017 - 09:08
Dáta an nuashonraithe : 28/11/2018 - 14:20