Cé na teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh is gá a bheith agam chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo?
Tá teangacha coitianta de dhíth orainn chun gur féidir linn oibriú le chéile. Sin an fáth a n-iarrfaimid ort cuidiú linn rogha a dhéanamh.
Nuair a chláróidh tú don chomórtas, beidh ort dhá theanga de chuid an Aontais Eorpaigh a roghnú a bhfuil eolas sásúil agat orthu agus a bhfuil tú réidh bheith ag obair iontu. Ag deireadh na tréimhse clárúcháin, glacfaimid na teangacha is mó a roghnaíodh agus cuirfimid i gcomparáid le riachtanais na n-institiúidí iad. Is iad na cúig theanga is mó a roghnaíodh agus a oireann do riachtanais na n-institiúidí a úsáidfear sa dara leath den chomórtas.
Beidh tuilleadh eolas le fáil gan mhoill ar eu-careers.eu