Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo, ní mór d'iarrthóirí bunchéim ar a laghad a bheith acu. Mar sin féin, más sa bhliain deiridh den chúrsa céime atá tú, níl a bhac ort! Is fíor nach mór duit an chéim a bheith agat faoin 31 Iúil 2017.
Níl aon sainréimsí i gceist sa chomórtas seo. Is ionann sin agus a rá go nglacfar le bunchéim ar bith (nó le céim is airde ná bunchéim). In 2015 bhí an iliomad saghas cúlra léinn ag iarrthóirí na gcomórtas: eolaíocht pholaitiúil, stair na healaíne, innealtóireacht, leigheas, matamaitic, teangacha, fealsúnacht, múinteoireacht, etc. Féadaimid a rá gur maith an léiriú é an comórtas AD 5 seo an mana seo againne: Aontaithe san éagsúlacht!
Tuilleadh eolais: eu-careers.eu
Uimhir: