Home > Job opportunities > Cogar, tá an t-am chóir a bheith istigh! Déan iarratas anois ar chomórtas AD5 2017 do riarthóirí a bhfuil céim acu!

Cogar, tá an t-am chóir a bheith istigh! Déan iarratas anois ar chomórtas AD5 2017 do riarthóirí a bhfuil céim acu!

Níl fágtha ach seachtain. Tá sé in am duit a chinneadh cén cineál iarratais ba mhaith leat a dhéanamh. Má fhágann tú é go dtí an nóiméad deireanach is féidir go mbeidh deacrachtaí ann nó nach mbeidh go leor ama agat d'iarratas a líonadh isteach mar is ceart.

Fút féin atá sé. Seiceáil an bhfuil rochtain agat i gcónaí ar do chuntas EPSO agus ná déan dearmad aon cheisteanna atá agat a chur chuig an tSeirbhís Teagmhála d'Iarrthóirí faoin 30 Aibreán. Na ceisteanna a chuirfear isteach i ndiaidh an dáta sin, is féidir nach bhfreagrófar iad roimh an sprioc-am clárúcháin (an Chéadaoin 3/5/2017 – 12:00 a chlog (meán lae), am na Bruiséile).

Chun iarratas a dhéanamh -> http://europa.eu/!fd37Nc

Dáta na postála : 25/04/2017 - 17:09
Dáta an nuashonraithe : 28/11/2018 - 14:20