Etusivu > Deiseanna fostaíochta > Nuacht > Teachtaireacht do na hiarrthóirí ar fad a chuir isteach ar an gcomórtas haghaidh riarthóirí a bhfuil céim acu (EPSO/AD/338/17)

Teachtaireacht do na hiarrthóirí ar fad a chuir isteach ar an gcomórtas haghaidh riarthóirí a bhfuil céim acu (EPSO/AD/338/17)

Iarrtar ort an t-eolas seo a leanas a léamh go grinn:

  • Déan deimhin de go dtabharfaidh tú do dhóthain ama duit féin chun an fhoirm iarratais a chur i gcrích agus a bhailíochtú.
  • Ná dearmad nach mór duit an dara cuid den iarratas a chur i gcrích faoin 31 Bealtaine 2017 ag 12:00 (Am Lár na hEorpa). Fútsa atá sé an t-iarratas a bhailíochtú roimh an sprioc-am. Ní féidir le EPSO iarratais a ghlacadh ó iarrthóirí nach mbeidh an t-iarratas bailíochtaithe acu faoin sprioc-am.
  • Ní mór an dara cuid den iarratas a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2.
  • Ceisteanna a chuirfear ar an tSeirbhís Teagmhála d'Iarrthóirí tar éis an Domhnaigh 28/05/2017, is féidir nach bhfreagrófar iad roimh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh (Dé Céadaoin 31/05/2017, ag 12:00 Am Lár na hEorpa).
  • Tá sé ródhéanach anois iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo. Ag na hiarrthóirí sin a bhailíochtaigh an chéad chuid den iarratas roimh 03/05/2017, agus acu sin amháin, atá cead anois an t-iarratas a chur i gcrích.
Dáta na postála : 22/05/2017 - 16:26
Dáta an nuashonraithe : 12/12/2018 - 18:14