Home > Job opportunities > Ar chuir tú isteach ar chomórtas 2017 d'aistritheoirí go fóill?

Ar chuir tú isteach ar chomórtas 2017 d'aistritheoirí go fóill?

Níl ach seachtain fágtha agat d'iarratas a líonadh isteach! Tá beagán ama agat go fóill, ach bí cinnte go mbeidh d'fhoirm iarratais líonta agat agus curtha isteach roimh 12 meánlae am na Bruiséile (11 a.m. am na hÉireann) Dé Máirt an 5 Meán Fómhair 2017. Ná fan go dtí an lá deireanach ar eagla go mbeidh barraíocht tráchta ar ár suíomh gréasáin!

Déan deimhin de go bhfuil rochtain agat ar do chuntas EPSO fós, nó cruthaigh ceann mura bhfuil ceann agat. Má tá aon cheist agat téigh i dteagmháil le Seirbhís Teagmhála EPSO d'Iarrthóirí faoin 1 Meán Fómhair. Aon cheisteanna a chuirfear isteach ina dhiaidh sin, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am le clárú iad.

Chun iarratas a dhéanamh cliceáil anseo:

Aistritheoirí Gearmáinise

Aistritheoirí Fraincise

Aistritheoirí Iodáilise

Aistritheoirí Ollainnise

Dáta na postála : 28/08/2017 - 10:29
Dáta an nuashonraithe : 28/11/2018 - 14:20