Home > Job opportunities > An ndearna tú iarratas ar chomórtais Earnáil na bhFoirgneamh fós?

An ndearna tú iarratas ar chomórtais Earnáil na bhFoirgneamh fós?

Tá níos lú ná dhá sheachtain agat chun d'iarratas a dhéanamh ar chomórtais Earnáil na bhFoirgneamh! Líon isteach d'iarratas faoi mheán lae, am na Bruiséile (11 a.m. am na hÉireann) Dé Máirt an 26 Meán Fómhair 2017 sa dóigh nach gcaillfidh tú an sprioc-am. Ná fan go dtí an lá deireanach ar eagla go mbeidh barraíocht tráchta ar ár suíomh gréasáin!

Déan deimhin de go bhfuil rochtain agat ar do chuntas EPSO fós, nó cruthaigh ceann mura bhfuil ceann agat. Má tá aon cheist agat téigh i dteagmháil le Seirbhís Teagmhála EPSO d'Iarrthóirí faoin 22 Meán Fómhair. Aon cheisteanna a chuirfear isteach ina dhiaidh sin, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am le clárú iad.

Chun iarratas a dhéanamh cliceáil anseo:
Riarthóirí in Earnáil na bhFoirgneamh - innealtóirí bainistithe foirgneamh
Cúntóirí in Earnáil na bhFoirgneamh - Comhordaitheoirí/teicneoirí tógála foirgneamh
Cúntóirí in Earnáil na bhFoirgneamh - Comhordaitheoirí/teicneoirí foirgneamh i réimsí an aerchóiriúcháin agus na hinnealtóireachta leictrimheicniúla agus leictrí
Cúntóirí in Earnáil na bhFoirgneamh - Cúntóirí sábháilteachta ceirde/sábháilteachta foirgneamh

 

Dáta na postála : 11/09/2017 - 18:07
Dáta an nuashonraithe : 28/11/2018 - 14:20