Féadfaidh tú d'iarratas ar an gcomórtas le haghaidh rúnaithe agus cléireach a chur i gcrích anois. Iarrtar ort an t-eolas seo a leanas a léamh go grinn:
- Déan deimhin de go dtabharfaidh tú do dhóthain ama duit féin chun an fhoirm iarratais a chur i gcrích agus a bhailíochtú.
- Ná dearmad nach mór duit an dara cuid den iarratas a chur i gcrích faoin 31 Eanáir 2017 ar 12:00 Am Lár na hEorpa (CET). Fútsa atá sé an t-iarratas a bhailíochtú roimh an sprioc-am. Ní féidir le EPSO iarratais a ghlacadh ó iarrthóirí nach mbeidh an t-iarratas bailíochtaithe acu faoin sprioc-am.
- Ní mór an dara cuid den iarratas a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2.
- Ceisteanna a chuirfear ar an tSeirbhís Teagmhála d'Iarrthóirí tar éis an Domhnaigh 28/01/2018, is féidir nach bhfreagrófar iad roimh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh (Dé Céadaoin 31/01/2018, ar 12:00 Am Lár na hEorpa (CET)).
- Tá sé ródhéanach anois iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo. Ag na hiarrthóirí sin a bhailíochtaigh an chéad chuid den iarratas roimh 12/12/2017, agus acu sin amháin, atá cead anois an t-iarratas a chur i gcrích.
Féach leathanach an chomórtais i gceist ag EPSO/AST-SC/06/17 - SC 1 nó EPSO/AST-SC/06/17 - SC 2 agus an liosta de cheisteanna coitianta má tá eolas mionsonraithe uait.