Etusivu > Deiseanna fostaíochta > Nuacht > Bí páirteach i dtógáil na hEorpa nua.

Bí páirteach i dtógáil na hEorpa nua.

An mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna fostaíochta le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh? Is féidir labhairt le daoine atá ag obair iontu ag an aonach gairmeacha ar líne an 15 Márta.

Más náisiúnach de Phoblacht na Seice, den Danmhairg, den Fhrainc, den Ghearmáin, d'Éirinn, den Ísiltír, den Pholainn nó den tSualainn thú, seo deis duit níos mó eolais a fháil faoi ghairmeacha leis an Aontas Eorpach.

Is ar riarthóirí is ginearálaithe a bheidh an imeacht seo dírithe den chuid is mó.

Le linn na hócáide seo beidh tú in ann labhairt go díreach le daoine atá ag obair leis an Aontas Eorpach (san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) faoi na deiseanna fostaíochta atá le fáil agus sin a dhéanamh ón mbaile, ón oifig, ar d'fhón cliste nó ar do tháibléad. 

Cláraigh anois ar an suíomh gréasáin Global Careers.

Dáta na postála : 13/03/2018 - 15:00
Dáta an nuashonraithe : 28/11/2018 - 14:20