Léigh na pointí urchair thíos go grinn:
- Déan deimhin de go dtabharfaidh tú do dhóthain ama duit féin chun an fhoirm iarratais a chur i gcrích agus a bhailíochtú.
- Ná dearmad nach mór duit an dara cuid den iarratas a chur i gcrích faoin 3/5/18 – 12:00 Am Samhraidh Lár na hEorpa (CEST). Fútsa atá sé an t-iarratas a bhailíochtú roimh an sprioc-am. Ní féidir le EPSO iarratas a ghlacadh ó iarrthóirí nach mbeidh an t-iarratas bailíochtaithe acu faoin sprioc-am.
- Ní mór an dara cuid den iarratas a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2.
- Ceisteanna a chuirfear ar an tSeirbhís Teagmhála d'Iarrthóirí tar éis an 30/4/18, is féidir nach bhfreagrófar iad roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh (3/5/2018 – 12:00 Am Samhraidh Lár na hEorpa (CEST))
- Tá sé ródhéanach anois iarratas nua a dhéanamh ar an gcomórtas seo. Ag na hiarrthóirí sin a bhailíochtaigh an chéad chuid den iarratas roimh 10/4/2018, agus acu sin amháin, atá cead anois an t-iarratas a chur i gcrích.
Uimhir: