Home > Job opportunities > CAST Buan – tá próifíl NUA ann

CAST Buan – tá próifíl NUA ann

Táthar tar éis an phróifíl NUA seo a leanas a chur leis an bpróiseas roghnúcháin “CAST Buan”:

EPSO/CAST/P/19/2018: Oibrithe cúraim leanaí – GF II

Is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh ón 16 Aibreán amach. Ar an leathanach gréasáin céanna tá teacht ar an nGlao agus ar an Aguisín atá ag gabháil leis an nGlao.

Tá na hinstitiúidí ag lorg baill foirne a bheadh inniúil ar chúraimí a dhéanamh sna catagóirí seo a leanas: Oideachasóirí/feighlithe linbh do shaoráidí iarscoile agus do shaoráid cúraim leanaí faoin aer, múinteoirí naíscoile, altraí naíonra/oibrithe cúraim do leanaí idir 0-3 bliana d’aois i naíolann, etc.

Déan deimhin de go bhfuil d’iarratas chomh mionsonraithe agus is féidir é d’fhonn cuidiú le lucht earcaíochta teacht ar na hiarrthóirí is oiriúnaí.

Dáta na postála : 16/04/2018 - 12:36
Dáta an nuashonraithe : 28/11/2018 - 14:20