Home > Job opportunities > Foláireamh faoi chamscéim: bréagthairiscintí poist

Foláireamh faoi chamscéim: bréagthairiscintí poist

Cuireadh ar ár súile dúinn go bhfuil bréagthairiscintí poist ag dul thart ina dtugtar le fios go falsa gurb í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a d’eisigh iad. Iarraimid ort a bheith faichilleach faoi ríomhphoist, glaonna gutháin, téacsteachtaireachtaí agus teachtaireachtaí a gheobhaidh tú gan choinne á iarraidh ort eolas pearsanta a thabhairt nó airgead a íoc. Ní ceart duit, in aon chor, do shonraí pearsanta a thabhairt, ná beart ar bith a dhéanamh ná íocaíocht a dhéanamh mar gheall ar chumarsáid bhréagach dá leithéid. Níl cás ar bith ann ina n-iarrfaidh EPSO ort táille a íoc.

Foilsítear gach ceann dár bpróiseas roghnúcháin ar ár suíomh gréasáin. Má tá amhras ar bith ort faoi seo nó más eol duit mí-úsáid a bheith á baint as ainm EPSO, iarrtar ort é a thuairisciú dúinn láithreach.

Dáta na postála : 13/11/2018 - 17:21
Dáta an nuashonraithe : 12/12/2018 - 17:54