Home > Job opportunities > Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas á cheiliúradh ag EPSO

Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas á cheiliúradh ag EPSO

I gcomhthéacs Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas, sheol EPSO glao ar chomhoibriú le heagraíochtaí uile an Aontais Eorpaigh a bhfuil baint acu le cur chun cinn agus leas shaoránaigh an Aontais Eorpaigh atá faoi mhíchumas. Is deis í seo freisin chun ár saoránaigh agus daoine ar mhian leo post a fháil leis an Aontas Eorpach a chur ar an eolas maidir lenár mbeartas comhionannais agus éagsúlachta, bearta sonracha d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas (riochtaí sláinte éagsúla san áireamh) agus uirlisí praiticiúla a roinnt maidir leis an mbealach le hoiriúnaithe speisialta a iarraidh sna trialacha roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an nglao ar chomhoibriú, féach an leathanach gréasáin saincheaptha.

San fhógrán céim ar chéim, gheobhaidh tú amach faoin mbealach le hoirniúnaithe speisialta a iarraidh le haghaidh trialacha roghnúcháin.

Má bhíonn deacrachtaí agat féin nó ag do chuid ball rochtain a fháil ar an doiciméad seo le teicneolaíocht chúntach, féach an leagan inrochtana seo.

Tá tuilleadh eolais faoi bheartas EPSO maidir le comhionannas agus éagsúlacht le fáil ar an leathanach gréasáin comhdheiseanna.

 

Tá eolas faoi oiriúnaithe speisialta le haghaidh trialacha roghnúcháin san fhíseán seo uainn:

Dáta na postála : 03/12/2019 - 10:55
Dáta an nuashonraithe : 03/12/2019 - 10:58