Home > Job opportunities > Trialacha ar ríomhaire sa tSín

Trialacha ar ríomhaire sa tSín

I bhfianaise na dtuairiscí faoi choróinvíreas Wuhan agus an tionchar atá aige ar an tSín agus ar thíortha eile, tá cinneadh déanta ag ár gconraitheoir le haghaidh trialacha ar ríomhaire, Prometric, na hionaid trialacha uile sa tSín (Béising agus Hong Cong) a dhúnadh go dtí 28/02/2020 ar a laghad.

Mura bhfuil an t-ionad trialacha is rogha leat ar fáil faoi láthair, ba cheart duit dul i dteagmháil linn.

Coinneoimid na hiarrthóirí ar an eolas tríd an suíomh gréasáin seo.

Dáta na postála : 31/01/2020 - 09:30
Dáta an nuashonraithe : 25/02/2020 - 17:01