Etusivu > Deiseanna fostaíochta > Nuacht > Foláireamh faoi chamscéim!

Foláireamh faoi chamscéim!

Cuireadh ar a súile d’EPSO le déanaí go bhfuil teachtaireachtaí príobháideacha ag dul thart ina bhfuil faisnéis bhréagach. Seoladh litir bhréagach chuig iarratasóirí áirithe inar dúradh leo gur cuireadh an comórtas oscailte EPSO/AD/381/20 ar ceal toisc na hionaid trialacha a bheith dúnta.

Deimhnímid NÁR cuireadh an comórtas oscailte ar ceal agus go bhfaighidh iarrthóirí tuilleadh faisnéise maidir leis na chéad chéimeanna eile sa próiseas i mí Feabhra tríd an gcuntas EPSO atá acu agus tríd an suíomh gréasáin atá againn.

Cuirimid in iúl d’iarrthóirí go bhfuil na bearta dlíthiúla is gá tógtha ag EPSO cheana féin, agus meabhraímid dóibh freisin nach bhfógrófar aon athrú a dhéanfar ar sceideal an chomórtais ACH trí shuíomh gréasáin EPSO agus déanfar sin a dheimhniú trí chuntas EPSO na n-iarrthóirí.

Dáta na postála : 03/02/2021 - 14:49
Dáta an nuashonraithe : 31/08/2021 - 08:40