Tá srianta móra ar EPSO maidir le roinnt comórtas a chur i gcrích a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu ó 2020 i leith. Chun an scéal a fheabhsú, tá athbhreithniú déanta againn ar na comórtais go léir atá fós ar siúl d‘fhonn a chinneadh cad iad na bearta is féidir a dhéanamh láithreach. Is é an cuspóir atá ann dlús a chur le cur i gcrích na gcomórtas go léir atá fós ar siúl agus na painéil a fhoilsiú níos luaithe ná mar atá beartaithe i láthair na huaire.
Maidir le céim na nIonad Measúnaithe, laghdófar líon na dtrialacha. Déanfar é sin trí mhodh tomhais aonair a thabhairt isteach (rud a chiallaíonn gur le haon triail amháin a dhéantar measúnú ar gach inniúlacht ghinearálta) nó trí eilimintí trialach áirithe a scriosadh. Déanfar cur síos ar an réiteach sin i bhfógra leasaitheach a ghabhann le gach Fógra Comórtais lena mbaineann.
Déanfaidh na hathruithe sin difear do na hiarrthóirí uile i gcomórtas ar leith ar an dóigh chéanna agus ní dhéanfar aon difear do sheansanna na n-iarrthóirí go n-éireoidh leo.
Foilsíodh na leaganacha Béarla d’fhógraí leasaitheacha na gComórtas ar leathanaigh ghréasáin na gcomórtas faoi seach (cuirfear aistriúcháin ar na leathanaigh a luaithe a bheidh siad ar fáil) agus nuashonrófar an phleanáil tháscach. Foilseofar na fógraí leasaitheacha san Iris Oifigiúil freisin.
Gheobhaidh na hiarrthóirí na mionsonraí uile a bhaineann lena dtrialacha ina gcuntas EPSO.