Tréimhsí oiliúna éigeantacha gan phá i gComhairle an Aontais Eorpaigh

Home > Job opportunities > Leathanach gan aimsiú > Tréimhsí oiliúna éigeantacha gan phá i gComhairle an Aontais Eorpaigh
Open for application: 
30/08/2019
Application closes / deadline: 
30/09/2019 - 12:00(am na Bruiséile)
Institution/Agency: 
Type of contract: 

 

De réir riachtanais na seirbhíse, is gnáth go mbíonn obair laethúil oiliúnaí coibhéiseach le hobair na n-oifigeach sóisearach i dtús a ngairmréime ar riarthóirí iad e.g.: cruinnithe a ullmhú agus miontuairiscí a dhréachtú, freastal ar chruinnithe de chuid chomhlachtaí ullmhúcháin Coreper agus na Comhairle, taighde a dhéanamh ar thionscadal áirithe, doiciméid a aistriú nó a thiomsú, tuarascálacha a scríobh. Iarrtar ar na hoiliúnaithe freisin páirt a ghlacadh i gclár staidéir a bhfuil cuairteanna agus comhdhálacha in institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg ina gcuid díobh.

Cé atá incháilithe? Is do mhic léinn sa tríú, sa cheathrú nó sa chúigiú bliain de chúrsa ollscoile a chaithfidh tréimhse oiliúna a chur isteach mar chuid dá gcúrsa staidéir atá na tréimhsí oiliúna seo ar fáil.

Fad ama: 2–5 mhí 

Pá: Níl. Aisíocaíocht an liúntais taistil. Cárta lacáiste bialainne Ardrúnaíocht na Comhairle. Árachas sláinte/timpiste.

Dátaí tosaigh: An 1 Feabhra (tréimhse iarratas i dtrátha Meán Fómhair/Deireadh Fómhair – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil) agus an 1 Meán Fómhair (tréimhse iarratas i dtrátha Feabhra/Márta – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil).