Comhairle an Aontais Eorpaigh – Clár Gníomhaíochtaí Dearfacha le haghaidh Oiliúnaithe faoi mhíchumas

Etusivu > Deiseanna fostaíochta > Comhairle an Aontais Eorpaigh – Clár Gníomhaíochtaí Dearfacha le haghaidh Oiliúnaithe faoi mhíchumas
Open for application: 
30/08/2021
Application closes / deadline: 
28/09/2021 - 12:00(am na Bruiséile)
Institution/Agency: 
Type of contract: 

 

De réir riachtanais na seirbhíse, is gnách go mbíonn obair laethúil oiliúnaí ar aon dul le hobair na n-oifigeach sóisearach riaracháin i dtús a ngairmréime, e.g.: cruinnithe a ullmhú agus miontuairiscí a dhréachtú, freastal ar chruinnithe de chuid chomhlachtaí ullmhúcháin Coreper agus na Comhairle, taighde a dhéanamh ar thionscadal áirithe, doiciméid a aistriú nó a thiomsú, tuarascálacha a scríobh. Iarrtar ar na hoiliúnaithe freisin páirt a ghlacadh i gclár staidéir a bhfuil cuairteanna agus comhdhálacha in institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg ina gcuid díobh.

Cé atá incháilithe? Is do shaoránaigh den Aontas atá ina gcéimithe nó ina mic léinn sa tríú, sa cheathrú nó sa chúigiú bliain de chúrsa ollscoile agus a bhfuil míchumas aitheanta orthu atá na tréimhsí oiliúna seo ar fáil.

Fad ama: 5 mhí 

An tréimhse oiliúna le pá í: Is í. €1,220.78 in aghaidh na míosa, aisíocaíocht liúntais taistil agus cárta lacáiste bialainne ó Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC). Má chuireann oiliúnaí atá faoi mhíchumas údar cuí ar fáil, is féidir go bhfaighidh sé méid forlíontach dar luach suas le leath an deontais oiliúna.

Dátaí tosaigh:

  • 1 Feabhra (is féidir iarratas a dhéanamh i dtrátha Mheán Fómhair/Deireadh Fómhair – seiceáil na dátaí críochnaitheacha ag an am).
  • 1 Meán Fómhair (is féidir iarratas a dhéanamh i dtrátha mhí Feabhra/Márta – seiceáil na dátaí críochnaitheacha ag an am).