Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Picture of the big group of all trainees

Bí i d’oiliúnaí leis an Aontas Eorpach!

Cuireann clár oiliúna le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais an méid seo a leanas ar fáil duit:

  • deis uathúil chun blaiseadh a fháil dá bhfuil i gceist le gairmréim san Aontas Eorpach

  • deis chun do scileanna gairmiúla a fheabhsú

  • deis iontach le fás pearsanta a dhéanamh

Is féidir ‘Tréimhsí oiliúna an Aontais Eorpaigh’ a dhéanamh i raon leathan réimsí, mar shampla:

  • acmhainní daonna

  • cumarsáid

  • teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide

  • dlí na hiomaíochta 

  • beartas comhshaoil

  • caidreamh seachtrach

  • beartas forbartha

  • agus go leor eile!

Maireann formhór na dtréimhsí oiliúna 5/6 mhí (d’fhéadfadh roinnt acu a bheith níos giorra/níos faide). Íoctar thú le linn ‘Thréimhsí oiliúna an Aontais’ (braitheann an íocaíocht ar an eagraíocht óstach).
Sa roghchlár anuas thíos, is féidir leat na deiseanna oiliúna atá ar fáil a chuardach trí institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla an Aontais a roghnú.
Go n-éirí an t-ádh leat!

Tabhair faoi deara nach eolas uileghabhálach é an t-eolas atá le fáil ar an leathanach seo. Tá gach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh freagrach as a nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta féin a bhainistiú. 

Start typing to search or select from the list.