Seo deis duit difear a dhéanamh ar son na hEorpa
An bhfuil gairmréim spreagúil nua uait i dtimpeallacht dhinimiciúil ina mbíonn go leor ag tarlú? Má tá, is fiú duit smaoineamh ar phost leis na hinstitiúidí Eorpacha. An té atá ag obair do cheann d'institiúidí an Aontais Eorpaigh nó i gceann de ghníomhaireachtaí an Aontais, tá láthair oibre shuimiúil dhúshlánach roimhe. Cúlra de gach saghas a bhíonn ag iarratasóirí ar phoist sna hinstitiúidí Eorpacha, mar sin beidh tú ag obair le grúpa comhghleacaithe éagsúil ilchultúrtha mar chuid de ghairmréim leis an Aontas Eorpach. Beidh an deis agat lántairbhe a bhaint as do scileanna teanga freisin. Bíonn ort a bheith in ann dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais, ar a laghad, a úsáid i bhformhór na bpost leis an Aontas Eorpach. Má théann tú i gceann gairmréim leis an Aontas Eorpach beidh tú in ann freastal ar ranganna teanga chun feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga. Cuirfear tacaíocht ar fáil freisin do na baill foirne nua ar fad lena chinntiú go mbainfidh siad barr a gcumais amach sa ghairmréim atá roghnaithe acu. Bíonn tuarastal iomaíoch ag gach iarratasóir a fhaigheann post.
Ní hamháin go bhfuil flúirse deiseanna ann le bheith ag obair le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, i Lucsamburg, agus in Strasbourg freisin, cathracha beoga agus lán cultúir, tá líon mór post ar fáil i ngníomhaireachtaí atá lonnaithe i ngach cearn den Eoraip agus i dtoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain.