Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Próisis roghnúcháin atá le teacht

Is cúis áthais do EPSO a fhógairt go bhfuil sé beartaithe aige comórtas nua a fhoilsiú an 11 Meitheamh 2024 le haghaidh Staitisteoirí (Riarthóirí), a chuimseoidh an dá phróifíl agus na gráid seo a leanas:

  • Sonraí agus staidreamh (AD6)
  • Staidreamh maicreacnamaíoch (AD7)

Beidh sonraí an chomórtais seo agus an dá phróifíl a bhaineann leis san fhógra comórtais.

Idir an dá linn, tar éis an chinnidh gach próiseas roghnúcháin a reáchtáil faoi chóras iomlán 24 theanga amhail ó 2024 – Próisis roghnúcháin EPSO – i dtreo córas iomlán 24 theanga | EU Careers (europa.eu) – chuir EPSO tús an athuair leis an tréimhse iarratais do na comórtais seo a leanas:

I bhfianaise an mhéid thuas, tá sé beartaithe tús a chur an athuair leis na tréimhsí iarratais don chomórtas Eacnamaíochta agus don chomórtas Bainistithe Géarchéime, Imirce agus Slándála Inmheánaí an 28 Bealtaine 2024.

Cuirfear eolas níos cinnte chuig iarrthóirí atá ann cheana faoin méid a bheidh i gceist leis sin dóibh, a luaithe is féidir, agus roimh an 28 Bealtaine 2024, trína gcuntas EPSO. Mar is gnách, a luaithe a fhoilseofar na fógraí comórtais leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, foilseofar leathanaigh lamairne tiomnaithe ar shuíomh gréasáin EPSO chomh maith, a mbeidh an t-eolas ábhartha uile le fáil ann.

Leanfaidh EPSO d’eolas faoin gcuid eile de na comórtais atá beartaithe le haghaidh 2024 a chur in iúl a luaithe a dheimhneofar é.

Deiseanna eile chun tabhairt faoi ghairm leis an Aontas Eorpach

Iarraimid ort súil a chaitheamh ar ár leathanach gréasáin maidir le próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST Buan) chun eolas a fháil faoi na dátaí trialacha atá le teacht. Tabhair do d’aire nach bhfuil feidhm ag an gcóras iomlán 24 theanga maidir le próisis roghnúcháin CAST ar an dóigh chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le comórtais oscailte ina roghnaíonn iarrthóirí ‘Teanga 1’ agus ‘Teanga 2’ le haghaidh a dtrialacha. Faoi CAST, d’fhéadfadh iarrthóirí roghnú i gcónaí na trialacha briathartha agus uimhriúla a dhéanamh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Sa chás sin, ní fhéadfar ach teanga amháin as 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha sin.

B’fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar ár leathanach gréasáin maidir le Folúntais, mar a bhféadfaidh tú amharc ar rogha deiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Is féidir leat breis eolais a fháil ar ár suíomh gréasáin faoi shamhail chomórtais EPSO atá níos tapúla, níos simplí agus níos inrochtana.