Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Eolas faoi EPSO

EPSO: Daoine a bhfuil gealladh fúthu a nascadh le Gairmeacha an Aontais Eorpaigh

Is é príomh-mhisean EPSO riachtanais earcaíochta institiúidí an Aontais a chomhlíonadh trí iarrthóirí cumasacha a roghnú ó na comórtais ghinearálta agus na sainchomórtais a reáchtálann sé. Agus an sprioc sin á comhlíonadh aige, feidhmíonn EPSO ina cháil mar idirghabhálaí iontaofa idir institiúidí an Aontais agus gairmithe agus céimithe ardfheidhmíochta. Ar an gcaoi sin, cuidíonn sé chun an tseirbhís shibhialta Eorpach a fhorbairt, idir an tseirbhís atá ann faoi láthair agus an tseirbhís a bheidh ann amach anseo.

Ina cháil mar oifig idirinstitiúideach, is é EPSO atá freagrach as baill foirne a roghnú go príomha do Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an tOmbudsman Eorpach agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Earcaíonn gach ceann de na hinstitiúidí sin baill foirne as measc na n-iarrthóirí a n-éiríonn leo agus a chuireann EPSO ar fáil.

Is féidir leat achoimre a fháil maidir lenár gcliaint institiúideacha ach dul chuig an leathanach seo.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na cineálacha éagsúla institiúidí agus comhlachtaí ar cuid de státseirbhís an Aontais Eorpaigh iad trí chuairt a thabhairt ar an leathanach seo.

Our vision is to provide the EU institutions with the workforce that best matches their needs. This is accomplished by deploying high quality, efficient and effective selection procedures, together with an innovative approach.

The following drivers will steer our set strategic direction:

  • Proactivity and client orientation
  • Adopting an innovation mindset and the ability to anticipate trends in talent spotting
  • Using selection methods that attract diverse talent pool.
  • Offering a catalogue of services reflecting the needs of the client institutions.
  • Ensuring that procedures are clear, transparent and accessible to all candidates. Complaints are meant to be exceptional and acted on in the spirit of good administrative practices.

Tá trí phrionsabal ann lena dtugtar treoir do ghníomhaíochtaí EPSO amach anseo chun ár bhfís a bhaint amach, is iad sin:

  • An beachtas: Déanann EPSO a dhícheall na modhanna roghnúcháin is fearr a ghlacadh trí thástáil a dhéanamh ar na hinniúlachtaí cearta leis na trialacha cearta. Is é an aidhm atá ann díriú ar na hiarrthóirí is oiriúnaí agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht de réir na gcleachtas idirnáisiúnta is fearr.
  • An lúfaireacht: Tá próisis EPSO ag éirí níos modúlaí agus níos inoiriúnaithe do riachtanais shonracha na gcliant. Cuid lárnach den chur chuige sin is ea an t-aiseolas uathu agus a n-athbhreithnithe tráthrialta inmheánacha.
  • An luas: Tá an fad a mhaireann na comórtais EPSO ag éirí níos giorra. Tá an méid sin á bhaint amach againn trí obair na mbord roghnúchán agus na mball foirne a thuar agus a threisiú, comhar a fheabhsú leis na hinstitiúidí ar a bhfuilimid ag freastal agus próisis roghnúcháin a chuíchóiriú trí na gnéithe maorlathacha nach bhfuil gá leo a bhaint.

 

  • An t-ionracas – tá muinín ag baill foirne EPSO as a chéile, gníomhaíonn siad go macánta agus le dea-thoil, agus coinníonn siad leas na seirbhíse agus na n-institiúidí ar a bhfuil siad ag freastal go soiléir ina n-aigne.
  • An ghairmiúlacht – reáchtálann EPSO nósanna imeachta roghnúcháin ar bhealach cothrom éifeachtúil, agus baineann sé úsáid as na cleachtais is fearr lena gcinntítear an cháilíocht agus sásamh na n-institiúidí ar a bhfuilimid ag freastal trína bhaill foirne thiomnaithe ardoilte. Tá EPSO nuálach,dinimiciúil, agus tiomanta do bharr a chumais a bhaint amach.
  • Seirbhís ardchaighdeáin – déanann EPSO a dhícheall i gcónaí seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil go tráthúil do na hinstitiúidí ar a bhfuilimid ag freastal. Baintear sin amach trí éisteacht go cúramach lena pháirtithe leasmhara agus trí dhul chun cinn leanúnach a dhéanamh bunaithe ar an aiseolas a fhaightear uathu.
  • An éagsúlacht agus an meas – cuireann EPSO an éagsúlacht chun cinn i measc a bhall foirne féin agus tacaíonn sé leo chun an iarracht is fearr a dhéanamh d’fhonn an sprioc choiteann a bhaint amach, go neamhspleách ar an gcúlra atá acu. Iompraíocht mheasúil ghairmiúil, is é sin an prionsabal lena dtugtar treoir don chaidreamh oibre laistigh de EPSO.
  • An comhoibriú – cothaíonn EPSO an comhoibriú go hinmheánach agus lena pháirtithe leasmhara. Forbraíonn sé comhpháirtíochtaí ardchaighdeáin chun feabhas a chur ar a fheidhmíocht fhoriomlán ina cháil mar sholáthraí seirbhíse. Baintear úsáid ghníomhach as ardáin chomhroinnte oibre, agus moltar an úsáid sin. Le sineirgí níos doimhne tríd an bpróiseas go léir, cabhraítear leis an réamhghníomhaíocht, sin agus chun díriú ar an gcliant agus chun cultúr bairr feabhais a fhorbairt.

I láthair na huaire, próiseálann EPSO 46,000 iarratas ar thart ar 1,300 post in institiúidí an Aontais in aghaidh na bliana, ar an meán. Déantar an tástáil i 24 theanga – rud nach dtarlaíonn i gcúrsaí roghnúcháin in aon áit eile.

Eolas maidir le cruinnithe a reáchtálann stiúrthóir EPSO le hionadaithe leasa.

Is é EPSO a dhéanann an suíomh gréasáin ‘Gairmeacha an Aontais Eorpaigh’ a bhainistiú, suíomh ar a gcuirtear eolas ar fáil don phobal i gcoitinne i 24 theanga maidir le próisis roghnúcháin an Aontais agus comórtais EPSO. Lean Gairmeacha an Aontais Eorpaigh ar FacebookTwitterLinkedIn agus Instagram.

 

Breathnaigh ar an bhfíseán thíos chun eolas gonta a fháil ar EPSO: