Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Próisis roghnúcháin atá le teacht

Tá EPSO ag obair go dian, i gcomhar le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh ar a bhfreastalaíonn sé, chun tús a chur arís le comórtais nua a fhoilsiú a luaithe is féidir in 2024.

Idir an dá linn, tar éis an chinnidh gach próiseas roghnúcháin a reáchtáil faoi chóras iomlán 24 theanga amhail ó 2024 – Próisis roghnúcháin EPSO – i dtreo córas iomlán 24 theanga | EU Careers (europa.eu) – an 1 Márta 2024 chuir EPSO tús arís leis an tréimhse iarratais don chomórtas Riarthóirí i réimse an iompair | EU Careers (europa.eu), agus rinne sé amhlaidh don chomórtas Cigirí cosaintí núicléacha | EU Careers (europa.eu), agus don chomórtas Oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach | EU Careers (europa.eu) an 22 Márta 2024.

Tá leathanaigh ghréasáin thiomnaithe an chomórtais (féach na naisc thuas) nuashonraithe ag EPSO de réir na bhfógraí comórtais leasaithe. Cuireadh litir chuig iarrthóirí atá ann cheana freisin ina mínítear go mion cad é atá i gceist le hathoscailt na tréimhse iarratais dóibh féin.

I bhfianaise an mhéid thuas, athosclófar na tréimhsí iarratais don chomórtas Eacnamaíochta agus don chomórtas Bainistithe Géarchéime, Imirce agus Slándála Inmheánaí. Cuirfear eolas níos cinnte chuig iarrthóirí atá ann cheana faoin méid a bheidh i gceist leis sin dóibh, a luaithe a dheimhneofar é, trína gcuntas EPSO. Mar is gnách, a luaithe a fhoilseofar an fógra comórtais leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, foilseofar leathanach lamairne tiomnaithe ar shuíomh gréasáin EPSO chomh maith, a mbeidh an t-eolas ábhartha uile le fáil ann.

Iarraimid ort súil a chaitheamh ar ár leathanach gréasáin maidir le próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST Buan) chun eolas a fháil faoi na dátaí trialacha atá le teacht. Tabhair do d’aire nach bhfuil feidhm ag an gcóras iomlán 24 theanga maidir le próisis roghnúcháin CAST ar an dóigh chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le comórtais oscailte ina roghnaíonn iarrthóirí ‘Teanga 1’ agus ‘Teanga 2’ le haghaidh a dtrialacha. Faoi CAST, d’fhéadfadh iarrthóirí roghnú i gcónaí na trialacha briathartha agus uimhriúla a dhéanamh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Sa chás sin, ní fhéadfar ach teanga amháin as 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha sin.

B’fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar ár leathanach gréasáin maidir le Folúntais, mar a bhféadfaidh tú amharc ar rogha deiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Is féidir leat breis eolais a fháil ar ár suíomh gréasáin faoi shamhail chomórtais EPSO atá níos tapúla, níos simplí agus níos inrochtana.

Cuirfidh EPSO an chuid eile de na comórtais atá beartaithe le haghaidh 2024 in iúl a luaithe is féidir.