Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

(CINEA) An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) an eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin (INEA) an 1 Aibreán 2021. Is é misean na heagraíochta tacú le páirtithe leasmhara an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích trí bhainistiú ardchaighdeáin a dhéanamh ar chláir, rud a chabhróidh chun tionscadail a chur i bhfeidhm a chuireann leis an dícharbónú agus leis an bhfás inbhuanaithe. Cuireann CINEA chun feidhme codanna de chláir mhaoinithe an Aontais a bhaineann leis an iompar, leis an bhfuinneamh agus leis an ngníomhú ar son na haeráide; i dtaca le peirspictíochtaí airgeadais 2021-2027, tá a punann clár méadaithe ag an nGníomhaireacht agus tá béim láidir á leagan aici ar bheith ag cur le tosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an gComhaontú Glas.

Location
An Bhruiséil (an Bheilg)