Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Nocht do chuid tuairimí

Tríd an ardán digiteach ilteangach nua tá níos mó tionchair – den chéad uair riamh ar leibhéal an Aontais – ag daoine as gach cearn den Eoraip ar an rud a bhfuil siad ag tnúth leis ón Aontas Eorpach, agus is féidir leo trácht a dhéanamh ar smaointe daoine eile.

Is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh ar an ardán:

  • Do chuid smaointe féin a chomhroinnt, tacú le smaointe daoine eile nó nóta tráchta a fhágáil fúthu, i do rogha teanga.
  • Rochtain a fháil ar léarscáil de na himeachtaí agus clárú le páirt a ghlacadh iontu.
  • Eolas faoi do chuid imeachtaí féin a uaslódáil.

Na hábhair a chlúdaítear:

  • An t-athrú aeráide agus an comhshaol
  • Sláinte
  • Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist
  • An tAontas Eorpach sa domhan mór
  • Luachanna agus cearta, an smacht reachta, slándáil
  • An claochlú digiteach
  • An daonlathas Eorpach
  • Imirce
  • Oideachas, cultúr, an óige agus spórt
  • Smaointe eile

Tabhair cuairt ar an ardán agus nocht do chuid tuairimí --> https://futureu.europa.eu/