Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Sa Chomhairle, atá lonnaithe sa Bhruiséil, tagann airí rialtais ó gach Ballstát le chéile chun dlíthe a phlé, a leasú agus a ghlacadh, agus chun beartais a chomhordú. Tá sé d'údarás ag na hairí gealltanas a thabhairt thar ceann a rialtais i dtaobh gníomhaíochtaí a chomhaontaítear ag na cruinnithe. Mar aon le Parlaimint na hEorpa, is í an Chomhairle príomhchomhlacht cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

Is iondúil go n-earcaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh baill foirne trí chomórtais oscailte nó trí phróisis roghnúcháin. Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne a eagraíonn na próisis roghnúcháin sin do na hinstitiúidí ar fad. Uaireanta, fostaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh baill foirne nach baill bhuana iad, faoi scéim na ngníomhairí ar conradh nó faoi scéim na ngníomhairí sealadacha. Tá sin amhlaidh i gcás na n-institiúidí ar fad.

Location
An Bhruiséil (an Bheilg)