Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3
Cuireann Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 leis an gcéad agus leis an dara clár Comhpháirtíochta maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha. Is comhpháirtíocht idir an tAontas agus Comhlachas EDCTP é an comhghnóthas nua seo, a bhfuil roinnt tíortha san Eoraip agus san Afraic ina mbaill de.
Tá an chomhpháirtíocht sin ann chun dlús a chur le forbairt chliniciúil teicneolaíochtaí sláinte nua nó feabhsaithe chun galair thógálacha a bhaineann leis an mbochtaineacht agus ar a ndearnadh siléig a shainaithint, a chóireáil agus a chosc, galair thógálacha a bhíonn ag teacht chun cinn (in athuair) san áireamh. Chomh maith leis sin, cuireann Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 maoiniú ar fáil do ghníomhaíochtaí chun acmhainneacht taighde a fhorbairt san Afraic, chun tacú le gairmeacha na dtaighdeoirí agus chun córais náisiúnta taighde sláinte a neartú.
Beidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 ar bun go dtí deireadh 2031 agus tá buiséad €1.6 billiún aige.