Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cé na doiciméid tacaíochta ba cheart dom a chur ar fáil?

Ní chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh ach na doiciméid a d’uaslódáil tú i do chuntas EPSO go cuí agus atá nasctha agat leis na hiontrálacha ábhartha i d’iarratas ar chomórtas. Ní mór na doiciméid sin a bheith ina n-údar cuí leis an bhfaisnéis a tugadh i d’fhoirm iarratais, faisnéis ar glacadh leat isteach sa chomórtas ar a bonn.

Gach iontráil i d’fhoirm iarratais ar líne (oideachas, taithí oibre agus Talent Screener más infheidhme), ní mór doiciméid ábhartha a chur ar fáil lena ndeimhniú agus le tacú leo. Ba cheart gach doiciméad a uaslódáiltear a nascadh leis an iontráil dá dtagraíonn sé i d’iarratas ar líne. Tá treoracha ar fáil maidir le conas do dhoiciméid a uaslódáil faoi Cén chaoi ar cheart dom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil/a nascadh?

1. Céannacht: cóip de do chárta aitheantais bailí nó de do phas bailí

2. Oideachas

  • Dioplóma lena dtugtar rochtain duit ar an gcomórtas de réir mar a cheanglaítear san fhógra comórtais, Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre:
      • I gcás comórtas AST: dioplómaí meánscoile agus iar-mheánscoile;
      • I gcás comórtas AD: dioplómaí iar-mheánscoile.
  • Aitheantas oifigiúil do dhioplóma, más gá: caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh é, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Stáit, e.g. roinn oideachais i mBallstát den Aontas;
  • Doiciméadacht maidir leis an oiliúint atá curtha i gcrích, ar choinníoll go dtugtar rochtain ar an gcomórtas léi (féach an fógra comórtais).

3. Taithí oibre

Ní chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh tréimhsí taithí oibre nach gcomhthacaíonn sainchuntas poist leo. Déan deimhin de go gcuireann tú doiciméid ar fáil a chruthaíonn cineál do chuid dualgas agus fad do thaithí:

3.1. I gcás obair thuarastail:

  • Doiciméid ón bhfostóir reatha agus ó iarfhostóir(í) ina sonraítear cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh (litreacha ón oifigeach uachtarach, tuarascálacha meastóireachta ina ndéantar cur síos ar do chúraimí, do shainchuntais post a chuir d’fhostóir ar fáil, conarthaí lena n-áirítear cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh,...)
  • Conradh/conarthaí fostaíochta lena ngabhann dáta tosaigh agus dáta deiridh, nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh.

Ní mór na doiciméid a dhátú, ceanntásc oifigiúil agus stampa oifigiúil na cuideachta a bheith orthu, chomh maith le hainm agus síniú an duine atá i gceannas.  

3.2. I gcás daoine féinfhostaithe – saorghairmeacha:

  • Sonraisc, conarthaí, foirmeacha ordaithe;
  • Comhfhreagras ríomhphoist;
  • Miontuairiscí cruinnithe;
  • Billí cánach;
  • Comhaltas comhlachais ghairmiúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an fógra comórtais, go háirithe an rannán ‘Doiciméid tacaíochta’ agus na míreanna Ceisteanna Coitianta Incháilitheacht agus Roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener).

Mura gcuireann tú fianaise dhoiciméadach leordhóthanach ar fáil faoin sprioc-am is gá, d’fhéadfaí a mheas nach bhfuil tú incháilithe agus go bhfuil tú eisiata ón gcomórtas ar bhonn easpa doiciméad tacaíochta.