Conas is féidir liom an t-eolas is déanaí a fháil faoi dhul chun cinn an chomórtais ina bhfuilim rannpháirteach?
Is féidir leat liostáil leis an bpróiseas/na próisis roghnúcháin is spéis leat chun fógra a fháil gach uair a fhoilsíonn EPSO eolas tábhachtach, cuir i gcás nuair a dhéantar:
- amlíne an phróisis roghnúcháin a nuashonrú (i.e. tréimhse déanta coinní a fhoilsiú le haghaidh na dtrialacha scileanna réasúnaíochta)
- líon na n-iarratas a fhoilsiú
- mír nuachta a fhoilsiú (i.e. síneadh a chur le sprioc-am nó painéal comórtais)
Chun liostáil, cuir isteach do sheoladh ríomhphoist sa bhosca liostála ar leathanach an phróisis/na bpróiseas roghnúcháin lena mbaineann (féach an íomhá thíos).
Léaráid 1.
Is féidir liostáil freisin chun fógra a fháil gach uair a fhoilsíonn EPSO próiseas roghnúcháin nua ach do sheoladh ríomhphoist a chur isteach sa bhosca liostála ar leathanach na ndeiseanna fostaíochta (féach an íomhá thíos).
Léaráid 2.
Trí do sheoladh ríomhphoist a chur ar fáil tá tú ag léiriú go n-aontaíonn tú leis an Ráiteas Príobháideachais Sonraí.
Is féidir leat díliostáil am ar bith ach an nasc díliostála i ríomhphost an fhógra a leanúint.