Cad a tharlóidh má éiríonn liom sna trialacha roghnúcháin le EPSO, ach mura n-éiríonn liom sna trialacha earcaíochta?
Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta cuireadh a thabhairt do roinnt iarrthóirí trialacha earcaíochta a dhéanamh do gach folúntas. Is faoi na seirbhísí earcaíochta atá sé aiseolas a thabhairt do na hiarrthóirí lena mbaineann maidir le torthaí na dtrialacha sin.
Mar sin féin, mura n-éireoidh leat an uair sin, beidh torthaí do thrialacha EPSO bailí go ceann 10 mbliana (*), ón dáta a bhfoilseofar i do chuntas EPSO iad.
Dá bhrí sin, is féidir go dtabharfaidh an t-earcaitheoir céanna nó duine eile cuireadh chun agallaimh agus/nó trialacha earcaíochta eile duit.
Ná déan dearmad d'iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat leanúint de bheith infheicthe ag na seirbhísí earcaíochta.
(*) Ní bhaineann seo ach le próisis roghnúcháin CAST/P. Tabhair do d’aire nach bhfuil torthaí na dtrialacha sa phróiseas roghnúcháin CAST/P bailí do phróisis roghnúcháin eile.