Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cé na cineálacha trialacha a chaithfidh mé a dhéanamh má réamhroghnaítear mé (i.e. má chuirtear ar ghearrliosta mé)?

Question categories:

Na hiarrthóirí a gcuirfidh na seirbhísí earcaíochta ar ghearrliosta iad, tabharfar cuireadh dóibh sraith trialacha réasúnaíochta a dhéanamh i bhformáid ceisteanna ilrogha. Is sa teanga a roghnaigh na hiarrthóirí mar theanga 1 a dhéanfaidh siad na trialacha sin. Is feitheoireacht chianda a dhéantar ar na trialacha. Tuilleadh eolais

Más rud é go n-éireoidh leat sna trialacha arna n-eagrú ag EPSO, féadfaidh an tseirbhís earcaíochta a iarraidh ort tuilleadh trialacha a dhéanamh a mheasann sí a bheith ábhartha don phost, amhail triail dréachtaithe, triail tiomána, triail teanga, etc. Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta gach eolas faoi na trialacha sin ar fáil.

Féach na trialacha samplacha (‘Baill foirne ar Conradh’) chun tuilleadh eolais a fháil.