Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad a tharlóidh i ndiaidh dom iarratas a dhéanamh?

Question categories:

Cuardóidh na seirbhísí earcaíochta bunachar sonraí na n-iarrthóirí cláraithe uile agus cuirfidh siad ar ghearrliosta líon áirithe de na hiarrthóirí a oireann do riachtanais shonracha na seirbhíse. Déan deimhin de go dtabharfaidh tú d’iarratas cothrom le dáta gach 6 mhí ionas go bhfeicfear sa bhunachar thú agus go bhféadfar teacht ort ann.

Is do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta, agus dóibh siúd amháin, a thabharfar cuireadh coinne a dhéanamh chun triail roghnúcháin a dhéanamh arna heagrú ag EPSO, agus is tríd a gcuntas EPSO a dhéanfar sin.

Déan seiceáil ar do chuntas EPSO gach trí lá féilire ar a laghad chuige sin. An lá a osclaítear an tréimhse déanta coinní, gheobhaidh tú cuireadh chun dáta le haghaidh na trialach a chur in áirithe, ach tú a bheith curtha ar an ngearrliosta. Go ginearálta, an nasc chuig an leathanach le haghaidh coinne a dhéanamh, ní bheidh sé gníomhach ach ar feadh roinnt laethanta. Beidh tú in ann dáta trialach a roghnú ó raon dátaí a chuirfear ar fáil don tréimhse go díreach tar éis na tréimhse déanta coinní.

Na dátaí táscacha le haghaidh na dtréimhsí chun coinní agus trialacha a dhéanamh, foilsítear iad ar na leathanaigh próifílí ar ár suíomh gréasáin.

Mura gcuirfidh tú dáta in áirithe le haghaidh na trialach nó má chuireann tú an choinne ar ceal, ní thabharfar cuireadh arís duit go huathoibríoch an triail chéanna a dhéanamh. Is féidir go réamhroghnófar thú tráth níos faide anonn i bpróiseas roghnúcháin eile.

Is ar na seirbhísí earcaíochta atá an cúram iarrthóirí a chuardach agus a réamhroghnú. Níl de chúram ar EPSO ach cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe, agus na trialacha roghnúcháin a reáchtáil.