An féidir liom na sonraí a thug mé i m’iarratas a athrú i ndiaidh a mbailíochtaithe?
Question categories:
Ach amháin i gcás CAST Buan le haghaidh baill foirne ar conradh (féach tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin sin), ní féidir iarratas a athrú i ndiaidh a bhailíochtaithe ós rud é go bpróiseálfaidh EPSO na sonraí láithreach.
Le haghaidh CAST Buan:
Is féidir d’iarrata(i)s le haghaidh phróiseas roghnúcháin CAST Buan a athrú agus is féidir CV a uaslódáil chuig do chuntas EPSO nó é a thabhairt cothrom le dáta tráth ar bith.
Ná déan dearmad d’iarrata(i)s a thabhairt cothrom le dáta gach 6 mhí ar a laghad más mian leat leanúint de bheith infheicthe ag na seirbhísí earcaíochta. Beidh feidhm aige sin cibé acu atá pas faighte agat sna trialacha nó nach bhfuil.