Cé na grúpaí feidhme éagsúla atá ann?
Question categories:
Bíonn folúntais ann do bhaill foirne ar conradh i réimse leathan post, agus bíonn cáilíochtaí difriúla de dhíth ag brath ar an bpost. Tá ceithre ghrúpa feidhme ann:
- I. obair láimhe agus tacaíocht riaracháin
- II. tascanna cléiriúla nó rúnaíochta, bainistiú oifige agus tascanna coibhéiseacha eile
- III. tascanna feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
- IV. tascanna riaracháin, comhairleacha agus teangeolaíochta, agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile.