Cé na doiciméid tacaíochta a bheidh le cur i láthair agam?
Question categories:
Ba cheart d’iarrthóirí a bheith in ann a chruthú, trí dhoiciméid tacaíochta, na héilimh a rinneadh ina bhfoirm iarratais (maidir lena gcáilíochtaí, taithí, eolas ar theangacha, etc.). Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta na hiarrthóirí ar an eolas faoi na doiciméid a bheidh le cur i láthair acu (cóipeanna nó bunchóipeanna) agus cén uair a bheidh siad le cur i láthair acu. Féadfar é sin a dhéanamh ag céim na dtrialacha earcaíochta agus/nó roimh an earcú féin.
Ní féidir le EPSO eolas a thabhairt faoi na rialacha is infheidhme i seirbhísí earcaíochta éagsúla ó thaobh na ndoiciméad tacaíochta. Ba cheart na nithe seo a leanas a mheas mar léiriú neamhcheangailteach, agus mar sin amháin, ar na ceanglais a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm:
- I measc doiciméid eile, beidh ar iarrthóirí cárta aitheantais nó pas bailí a chur ar fáil.
- Chun a chruthú gurb ann dá gcáilíochtaí oideachais agus don oiliúint atá faighte acu, beidh ar iarrthóirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
(a) cóip dá ndioplóma(í) agus/nó dá dteasta(i)s (oiliúna) lena bhfianaítear cáilíochtaí oideachais;
(b) i gcás dioplómaí/teastais a eisíodh i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, ráiteas coibhéiseachta a d’eisigh údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach.
- Ní mór gach tréimhse taithí oibre a bheith cumhdaithe leis na bundoiciméid seo a leanas nó le cóipeanna deimhnithe díobh:
(a) Doiciméid ó fhostóir(í) agus/nó ó iarfhostóir(í): conradh/conarthaí fostaíochta ina bhfuil dátaí thús agus dheireadh na fostaíochta sonraithe agus/nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh. Ba cheart cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne an t-iarrthóir a bheith sonraithe sna doiciméid sin mar aon le cur síos mionsonraithe ar na dualgais sin, agus ba cheart ceann litreach agus stampa an fhostóra a bheith orthu mar aon le hainm agus síniú an duine i gceannas.
(b) I gcás obair nach bhfuil tuarastal ag dul léi, e.g. féinfhostaíocht nó gairmeacha liobrálacha: sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina bhfuil an obair a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméid tacaíochta oifigiúla eile ina bhfuil cineál agus tréimhse na ndualgas a rinneadh nó na seirbhísí a soláthraíodh sonraithe;
(c) I gcás saoraistritheoirí: doiciméid lena bhfianaítear na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé;
(d) I gcás saor-ateangairí: doiciméid lena bhfianaítear an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht go dtí iad agus uathu.