Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas a dhéanfaidh mé iarratas ar phost nuair a bheidh mé ar an bpainéal?

Caith súil ar do chuntas EPSO go rialta óir féadfaidh na hinstitiúidí folúntais a bhaineann leis an gcomórtas/leis na comórtais inar éirigh leat a fhoilsiú tráth ar bith, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh agat ach achar teoranta le hiarratas a dhéanamh. Ní thugtar fógra duit go huathoibríoch gach uair a fhoilsítear folúntas.  

Nuair a fhoilsíonn institiúidí folúntais, beidh an cnaipe ‘Taispeáin folúntais’ le feiceáil ar leathanach forléargais na n-iarratas faoin gcomórtas ábhartha i do chuntas EPSO. 

Is féidir cur isteach ar na folúntais sin go dtí go rachaidh bailíocht an phainéil ar a bhfuil tú in éag. 

Má chuireann tú tú isteach ar fholúntas, déan cinnte de go bhfuil tú incháilithe (mar shampla, más ar leibhéal AST3 atá an post ach más ar phainéal AST1 atá tú féin, is amhlaidh nach bhfuil tú incháilithe), go bhfuil do CV cothrom le dáta agus go bhfuil an comórtas ábhartha luaite agat i do litir chumhdaigh

Má bhíonn aon cheist agat faoi incháilitheacht nó faoi aon ní eile a bhaineann leis an bhfolúntas nó leis an bpróiseas earcaíochta, iarrtar ort dul i dteagmháil leis na seirbhísí earcaíochta trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá tugtha san fhógra folúntais. 

Iarrtar ort d’iarratas ar an bpost a sheoladh chuig an institiúid ina bhfuil an folúntas agus gan é a chur chuig EPSO. Is iad na hinstitiúidí féin a dhéanann an earcaíocht. 

Má chuirtear cuótaí i bhfeidhm ar an bpainéal ar a bhfuil tusa, is féidir nach mbeidh tú incháilithe do na folúntais go dtí go gcuirfear na cuótaí i leataobh. 

Is féidir go dtabharfaidh roinnt institiúidí nó roinnt seirbhísí cuireadh chun agallaimh duit (i gcás painéil ar féidir le roinnt institiúidí úsáid a bhaint astu).

Ar chúiseanna praiticiúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar iarrthóirí dul faoi scrúdú leighis sula ndéanfaí aon chinneadh i dtaca le post a thairiscint dóibh.

Tá sé de cheart agat an tairiscint a dhiúltú, ach ní scéal cinnte é go bhfaighidh tú an dara tairiscint sula dté an painéal in éag. 

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo: Conas a roghnaíonn na hinstitiúidí daoine ó phainéil EPSO?