Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cé na hinniúlachtaí a chaithfidh iarrthóirí a léiriú le linn thrialacha an chomórtais?

Question categories:

Sainítear sa chreat inniúlachta na hinniúlachtaí a mheasann na hinstitiúidí agus na comhlachtaí den Aontas Eorpach ar a bhfreastalaíonn EPSO a bheith riachtanach chun feidhmiú go héifeachtach in aon phost ar leith. Is é EPSO a dhéanann measúnú ar chuid de na hinniúlachtaí sin le linn chéim an roghnúcháin, agus is iad na hinstitiúidí agus na comhlachtaí den Aontas Eorpach a dhéanann measúnú ar an gcuid eile le linn chéim na hearcaíochta. I gcás na bpróifílí speisialaithe, tabhair do d’aire go mbíonn na hinstitiúidí den Aontas Eorpach ag lorg iarrthóirí ardcháilithe ina réimse saineolais féin. Is féidir teacht ar eolas san fhógra comórtais i gcónaí maidir leis na hinniúlachtaí réimse-shonracha agus faoi na trialacha lena ndéantar na hinniúlachtaí ginearálta agus na hinniúlachtaí réimse-shonracha a mheas. Is é an fógra comórtais an t-aon doiciméad oifigiúil ina bhfuil eolas mionsonraithe faoi na trialacha beachta a úsáideann EPSO i gcomórtas ar leith. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear gach fógra.

Féach na hinniúlachtaí ginearálta agus na hancairí a ghabhann leo (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).