Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

‘Triail scríofa’ á tabhairt isteach ag EPSO ina phunann trialacha

Agus EPSO ag bogadh i dtreo córas iomlán 24 theanga, tabharfaidh EPSO cineál nua trialach isteach ina phróisis roghnúcháin amhail ó 2024: an triail scríofa, darb aidhm measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa na n-iarrthóirí. Tiocfaidh an triail scríofa in ionad an chás-staidéir*.

Faoin téarma ‘triail scríofa’, tá trí chineál éagsúla trialacha ann a mbainfidh EPSO úsáid astu de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl le haghaidh gach comórtais:

  1.        Triail scríofa a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin
  2.        Triail scríofa réimse-shonrach lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra i réimse ábhartha an chomórtais.
  3.        Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin

Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuireann EPSO ar fáil agus a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, mar a shonraítear san fhógra comórtais.

Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na n-‘ancairí’ sonracha atá liostaithe thíos (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).

‘Ancairí’ le haghaidh scileanna cumarsáide scríofa:

Déanann an t-iarrthóir an méid seo a leanas:

  • scríobhann sé go hachomair gan focail agus abairtí a úsáid nach bhfuil gá leo.
  • cuireann sé ábhar i láthair ar bhealach intuigthe.
  • déanann sé a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
  • úsáideann sé an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc.
  • déanann sé an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.

*Leanfar de na cás-staidéir a úsáid le haghaidh roinnt comórtas atá ar siúl faoi láthair.

Dáta nuashonraithe
12/04/2024 - 10:16