Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Gníomhaíocht Dhearfach Pharlaimint na hEorpa do Dhaoine atá faoi Mhíchumas

Tá próiseas roghnúcháin Gníomhaíochta Dearfaí Pharlaimint na hEorpa le haghaidh daoine faoi mhíchumas, oscailte anois!

Gach bliain, reáchtálann Parlaimint na hEorpa próiseas roghnúcháin gníomhaíochta dearfaí go sonrach chun gur féidir le daoine faoi mhíchumas an chéad taithí oibre a fháil i bParlaimint na hEorpa. Tá an próiseas ar oscailt do gach duine atá faoi mhíchumas fadtéarmach atá cothrom le 20% nó os a chionn, beag beann ar a bpróifíl ná ar a gcúlra.

Déan iarratas roimh an 7 Márta 2022, 18:00 (CET) trí do CV a sheoladh chuig PERS-PositiveAction@europarl.europa.eu; an teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh inar mian leat an scrúdú a dhéanamh agus eolas faoi cibé an bhfuil aon chóiríocht réasúnta ag teastáil uait don tástáil nó nach bhfuil. 

Tá gach eolas mionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

 

Dáta nuashonraithe
13/10/2022 - 16:13