Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Foláirimh faoi chamscéimeanna

Cuireadh ar ár súile dúinn go bhfuil camscéimeanna éagsúla ag dul thart a bhaineann leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO):

Eolas bréagach maidir le comórtais atá ar siúl a bheith curtha ar ceal agus tairiscintí calaoiseacha poist ina dtugtar le fios go bréagach gurb í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a d’eisigh iad.

Iarraimid ort a bheith faichilleach faoi ríomhphoist, glaonna gutháin, téacsteachtaireachtaí agus teachtaireachtaí a fhaigheann tú gan choinne ina n-iarrtar ort eolas pearsanta a thabhairt nó airgead a íoc.

Ní ceart duit, in aon chor, do shonraí pearsanta a thabhairt, ná beart ar bith a dhéanamh ná íocaíocht a dhéanamh mar gheall ar chumarsáid chalaoiseach dá leithéid.

Ní iarrfaidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) aon táille choíche.

Foilsítear gach ceann dár bpróisis roghnúcháin ar ár suíomh gréasáin

Meabhraímid d’iarrthóirí freisin gur ar shuíomh gréasáin EPSO a fhógrófar aon athrú ar sceideal an chomórtais, agus gur trí chuntais EPSO na n-iarrthóirí amháin a dhearbhófar an méid sin.

Má tá amhras ar bith ort faoi seo nó más eol duit mí-úsáid a bheith á baint as ainm na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO), iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach.

Dáta nuashonraithe
07/11/2023 - 17:12