Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste (SNS JU)

Cuireann an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste (SNS JU) ceannaireacht teicneolaíochta na hEorpa chun cinn maidir le líonraí agus seirbhísí cliste amach anseo trí láidreachtaí tionscail atá ann faoi láthair a neartú agus trí shíneadh a chur leis an raon feidhme ó nascacht 5G go dtí an slabhra luacha straitéiseach níos leithne, lena n-áirítear soláthar seirbhíse néalbhunaithe agus comhpháirteanna agus gairis. Chun é sin a bhaint amach tá an ghníomhaireacht ag tógáil ar dhá cholún: ceannasacht teicneolaíochta na hEorpa i 6G a chothú tríd an gclár ábhartha taighde agus nuálaíochta as a n-eascróidh an bunsmaoineamh agus an caighdeánú timpeall 2025; agus borradh a chur faoi sholáthar 5G san Eoraip d’fhonn príomh‑mhargaí digiteacha a fhorbairt agus le go n-éireoidh le haistriú digiteach agus glas an gheilleagair agus na sochaí.

Location
An Bhruiséil (an Bheilg)