Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Foireann bhuan

Is éard atá san fhoireann bhuan baill de státseirbhís an Aontais Eorpaigh a cheaptar ar feadh tréimhse gan téarma. Is iadsan an croílucht saothair.

3 chatagóir ann maidir le hoifigigh bhuana de chuid an Aontais: Riarthóirí (AD), Cúntóirí (AST), agus Rúnaithe/Cléirigh (AST/SC).

Riarthóirí

Oibríonn riarthóirí i réimse earnálacha, mar shampla an ceartas, an dlí, an t-airgeadas, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, gnóthaí eachtracha, an talmhaíocht, an eacnamaíocht, teicneolaíocht na faisnéise, an chumarsáid, acmhainní daonna, an eolaíocht, an t-aistriúchán agus an ateangaireacht. 

Ar na dualgais a bhíonn orthu tá beartais agus reachtaíocht a fhorbairt;anailísiú agus obair chomhairliúcháin a dhéanamh; cúraimí rialála a dhéanamh; páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht idirnáisiúnta; teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus páirtithe; dul i mbun plé le saoránaigh;téacsanna dlí AE a athbhreithniú agus a aistriú, agus cuid mhór nithe eile. 

Scála idir grád AD 5 agus grád AD 16 a bhíonn i gceist i ngairmréim an riarthóra, agus is é AD 5 an grád tosaigh le haghaidh céimithe ollscoile; is le haghaidh Ard-Stiúrthóirí amháin atá grád AD 15 agus grád A 16. 

D'fhéadfaí thú a roghnú agus a earcú ag gráid níos airde, AD 6 nó AD 7, i leith próifílí a bhfuil speisialtóireacht ag baint leo. Sa chás sin, beifear ag súil go mbeidh roinnt blianta d’oideachas ábhartha ag iarrthóirí agus beidh taithí oibre ag teastáil le haghaidh formhór na bpróifílí. 

Tá na gráid AD 9 go dtí AD 12 ag teastáil le haghaidh na bpost meánbhainistíochta. Ní féidir duine a roghnú agus a earcú ag na gráid níos airde sin mura bhfuil taithí bainistíochta aige cheana.

Cúntóirí

Is gnách cúntóirí a fhostú i ról feidhmiúcháin nó teicniúil, agus soláthraíonn siad tacaíocht i réimsí éagsúla, mar shampla an t-airgeadas, an chumarsáid, an riarachán, an taighde, teicneolaíocht na faisnéise nó cur chun feidhme beartais, gan ach beagán a lua. 

Scála idir grád AST 1 agus grád AST 11 a bhíonn i gceist le gairmréim an chúntóra, agus is ag na gráid AST 1 nó AST 3 a théann baill foirne i gceann oibre de ghnáth. 

Rúnaithe/Cléirigh – Baill foirne tacaíochta
 
Is gnách go mbíonn rúnaithe agus cléirigh ag plé leis an mbainistíocht oifige agus ag soláthar tacaíocht riaracháin agus theicniúil. Ar na dualgais a bhíonn orthu tá doiciméid agus comhaid a bhailchríochnú; tacú le gníomhaíochtaí an aonaid nó na roinne (cruinnithe, taisteal oifigiúil, an dialann); faisnéis a thiomsú agus a scaipeadh (bunachair sonraí agus comhaid a nuashonrú); cúraimí láimhe a dhéanamh.  

Scála ó ghrád AST/SC 1 go grád AST/SC 6 a bhíonn ann do ghairmréim an rúnaí/an chléirigh. Is ag grád AST/SC 1 nó AST/SC 2 a théann baill foirne nua i gceann oibre de ghnáth. 

 

Faigh tuilleadh eolais sa tábla tuarastail seo.

Tá tuilleadh eolais faoi na nósanna imeachta roghnúcháin agus faoi na deiseanna fostaíochta ar fáil le haghaidh baill foirne bhuana.