Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
ines

Inês G., an tOifigeach atá freagrach as cumarsáid agus imeachtaí

Is mé atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar eagrú an Chruinnithe Eorpaigh um an Óige (EYE). Tugann EYE na mílte daoine óga le chéile i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg le gur féidir leo a gcuid smaointe faoi thodhchaí na hEorpa a fhorbairt agus a roinnt.

Bainim an-taitneamh as an ról atá agam: tá go leor éagsúlachta sna cúraimí laethúla a dhéanaim agus is mór an sásamh é a bheith ag obair le daoine óga ón Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin, agus ar a son.

Déanaim comhordú ar na foirne éagsúla atá freagrach as an gclár, as an gcumarsáid sheachtrach agus as lóistíocht an imeachta. Déanaim teagmháil freisin leis na páirtithe seachtracha éagsúla a bhfuil baint acu le himeacht mórscála den chineál sin lena chinntiú go dtagann gach rud le chéile go réidh.

Tá cúlra agam sa chumarsáid agus sna teangacha. Tar éis dom céim Bhaitsiléara a bhaint amach sa Staidéar Cumarsáide i Liospóin, mo bhaile dúchais, rinne mé Máistreacht sna Tionscail Chultúrtha agus Chruthaitheacha i gColáiste an Rí, Londain.

Tar éis réimse leathan taithí oibre a fháil – mar shaoroibrí agus san earnáil phríobháideach den chuid is mó – fuair mé post le Parlaimint na hEorpa in 2013. Thosaigh mé ag obair mar aistritheoir i Lucsamburg, agus ansin bhog mé go dtí an Bhruiséil chun dul i mbun na cumarsáide inmheánaí i réimse na teicneolaíochta faisnéise sular chuir mé tús leis an bpost atá agam faoi láthair i réimse na cumarsáide agus imeachtaí in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide i bParlaimint na hEorpa.