Coiste Eorpach na Réigiún: Cuairteanna staidéir d’oifigigh rialtais
Tá an scéim oscailte do bhaill foirne nó d’oiliúnaithe ó údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit den Aontas agus féadfaidh sí an deis a thabhairt do Choiste na Réigiún agus d’institiúid fostaíochta an oifigigh araon feabhas a chur ar an gcomhar agus ar dheiseanna líonraithe. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an deis ag oifigigh a ghlacann páirt sa chineál seo scéime malartaithe léargas a fháil ar obair an Choiste agus ag an am céanna a gcuid scileanna, inniúlachtaí agus eolais a fhorbairt.
Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh? Foireann ó údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát den Aontas Eorpach.
Is féidir le saoránaigh as tríú tíortha (an Ríocht Aontaithe ina measc) iarratas a dhéanamh freisin, agus féadfar iad a roghnú i gcásanna eisceachtúla, go háirithe má tá spéis ar leith ag Coiste na Réigiún san iarratasóir agus má chomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais faoin dlí náisiúnta inimirce maidir le cónaí agus oibriú go dleathach sa Bheilg.
Ní mór céim Bhaitsiléara ar a laghad a bheith ag an iarratasóir (nó leath na céime Baitsiléara a mheastar a bheith ábhartha d’obair Choiste na Réigiún a bheith críochnaithe aige) agus a bheith ag obair i bpost ar leibhéal agus le hábhar a chomhfhreagraíonn do na dualgais a dhéanann baill foirne an Aontais laistigh de Choiste na Réigiún.
Sáreolas ar an bhFraincis nó ar an mBéarla.
Fad tréimhse: 2–6 mhí (is féidir an tréimhse sin a shíneadh chun tréimhse 12 mhí ar a mhéad a dhéanamh di)
An tréimhse oiliúna le pá í? Ní hea. Is í an institiúid a bhfuil an t-oifigeach fostaithe aici a íocann an tuarastal.
Dátaí tosaigh: tráth ar bith, ar chomhaontú